Earraí Brandáilte

Riachtanais maidir le cruthú earraí brandáilte, chomh maith leis na nithe brandáilte atá ar fáil ar iasacht le haghaidh imeachtaí.

Earraí Brandáilte a Fháil ar Iasacht

Má tá imeacht á reáchtáil agat le haghaidh na meán nó le haghaidh ball den phobal thar ceann Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, tá leabharlann againn d’earraí brandáilte atá ar fáil ar iasacht ionas go mbeidh branda Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath le feiceáil.


I measc na n-earraí atá ar fáil ar iasacht tá cláir lógó, scáthanna fearthainne, hataí crua, meirgí agus ribíní le húsáid ag oscailtí.

Contact Details

Earraí Brandáilte a Chruthú

Más rud é go bhfuil tú ag cruthú earraí brandáilte do Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, déan cinnte go n-úsáideann tú ár lógó oifigiúil agus go gcloíonn tú lenár dtreoirlínte branda ina leagtar amach cén chaoi ba chóir é a úsáid. Ba cheart dó cloí le caighdeáin inrochtaineachta agus leis na riachtanais a bhaineann leis an nGaeilge.

Tá conradh maidir le priontáil agus dearadh ag Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath le Anglo Printers Ltd freisin. Clúdaíonn an conradh sin priontáil leabhar, leabhrán, cártaí, bileog, póstaer, taispeántas, tuarascálacha, foirmeacha agus cuireadh. Más gá duit na seirbhísí sin agus tú ag obair le Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, ba cheart duit iarracht a dhéanamh iad a fháil ónár soláthraí ar conradh.

Contact Details