Dearadh na gClársconsaí
Tá riachtanais ar leith ag Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath maidir le dearadh clársconsaí láithreán tógála ar a Tionscadail Chaipitil uile. Íoslódáil ár dtreoirlínte thíos.
Leagtar amach inár dTreoirlínte Dearaidh na gClársconsaí le haghaidh Tionscadal Caipitil an amharc-aithne ar cheart a chur i bhfeidhm maidir le clársconsaí láithreán tógála. Ba cheart na treoirlínte sin a chur i bhfeidhm ar chlársconsaí atá ar an taobh poiblí le haghaidh oibreacha príomhchonartha. Níl gá leis i gcás scartála nó oibreacha cumasaithe.
Íoslódáil an comhad zip thíos, ina bhfuil cóip de na treoirlínte chomh maith le teimpléid agus clófhoirne riachtanacha.