Dathanna

Aimsigh ár ndathanna branda agus foghlaim cathain iad a úsáid.

Is iad na príomhdhathanna branda atá againn ná Gorm Bhaile Átha Cliath, Dúch Bhaile Átha Cliath agus Muirghorm Digiteach. Cruthaíonn siad seo comhsheasmhacht agus aitheantas dár mbranda. Tá réimse leathan dathanna tánaisteacha againn lena n-úsáid freisin, lena n-áirítear Corcra Luas agus Glas Fhaiche Stiabhna. Leis na dathanna breise sin, cuirtear solúbthacht agus saoirse ar fáil, agus cuirtear lenár mbundathanna ag an am céanna.

Féadfaidh ton agus cuma ár mbranda athrú go mór de réir meascán na ndathanna agus, mar sin, tá sé fíor-riachtanach machnamh cúramach a dhéanamh ar an gcaoi a n-oibreoidh na dathanna a úsáidfidh tú le chéile.

Íoslódáil ár gcomhaid córais dathanna thíos le haghaidh luachanna datha CMYK, HEX, Pantone, RAL Classic nó Vinyl. Féach ar ár dtreoirlínte maidir le branda le haghaidh treoir mhionsonraithe maidir leis an gcaoi a n-oibríonn ár gcóras dathanna.

Féadtar ár mbundathanna a úsáid ina n-aonar nó measctha le chéile chun grádáin a chruthú lena n-úsáid mar chúlraí a bhfuil cuma shuimiúil orthu nó mar mharcanna lógó cruthaitheacha. Íoslódáil comhaid grádáin chúlra agus leaganacha grádáin den lógó thíos.