Lógó

Íoslódáil ár gcuid lógónna agus faigh amach cathain is cuí gach leagan a úsáid.

Féadtar lógó Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath a úsáid i ndathanna éagsúla chun dul in oiriúint do chúlraí difriúla agus chun a bheith i gcodarsnacht dhóthanach leo. Tá leaganacha difriúla den lógó ar fáil i bhformáidí comhaid éagsúla a oireann d’ábhair chlóbhuailte agus dhigiteacha.


Íoslódáil ár gcomhad lógónna agus marcanna branda thíos.

three castles emblem alongside words dublin city council

Ár Lógó a Úsáid

The relationship between our mark and our logotype (Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath Dublin City Council) has been carefully designed for balance, clear reproduction and legibility. The elements therefore may not be redrawn or rearranged in any way.

Le haghaidh treoracha mionsonraithe maidir leis an gcaoi ár lógó a úsáid, féach ar  ár dtreoirlínte maidir le branda. Anseo thíos tá comhairle ghinearálta ar chóir duit leanúint.

Crios Eisiaimh

Tá gá le spás leordhóthanach ar gach taobh den lógó. Níor cheart d’aon rud a bheith ag cur isteach ar an lógó agus is é an t-íosmhéid spáis ghlain is gá ná 50% de leithead iomlán an lógó.

Íosmhéid

Agus méid an lógó á athrú, coinnigh scálú comhréireach i gcónaí agus cinntigh go mbíonn an téacs fós inléite. Níor cheart don lógó a bheith níos lú riamh ná 27mm x 8mm i gcás cló nó 107px x 31px i gcás digiteach. Is é 50% d’airde iomlán an lógó an t-íosmhéid spáis ghlain is gá.


Más gá dó a bheith níos lú ná sin, bain úsáid as marc na dTrí Chaisleán leis féin. Níor cheart don mharc branda a bheith níos lú riamh ná 17mm x 18mm i gcás cló nó 54px x 51px i gcás digiteach. Is é 50% de leithead iomlán an mhairc lógó an t-íosmhéid spáis bháin is gá.
 

Á Úsáid Le Lógónna Eile

Agus lógó Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath á úsáid i gcomhar le lógónna eile, cinntigh le do thoil go mbíonn sé chomh hinfheicthe céanna agus go mbíonn cruth agus méid cuí aige chun a bheith in oiriúint do na lógónna eile atá á dtaispeáint. Ba cheart na lógónna a shocrú i bhformáid ‘tramlíne’.


Más í Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath an príomhurraitheoir, cuirtear ár lógó ar thaobh na láimhe clé (an chéad cheann sa líne). Murab amhlaidh, taispeántar an lógó ar thaobh na láimhe deise.
Níor cheart lógó Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath a léiriú níos lú ná aon mharc branda eile atá sa réimse radhairc céanna.
 

Acmhainní Breise

Chun an chomhsheasmhacht a choinneáil ar fud na brandála uile dár gcuid, chruthaíomar rogha teimpléad in-íoslódála Adobe chun cuidiú le dearthóirí leithéidí póstaer, fógraí agus a thuilleadh a chruthú.

Ar mhaithe le héagsúlacht, tá sócmhainní ealaíon grádáin sheasta ar fáil le híoslódáil ónár leathanach dathanna.